Fáilte chuig láithréan gréasáin Bhord na Breatnaise, a bhfuil eolas úsáideach agus spéisiúil ann faoin mBreatain Bheag, faoin mBreatnais agus faoin obair atá déanta ag an mBord sa Bhreatain Bheag agus taobh amuigh di.
Eagras reachtúil is ea an Bord a bunaíodh ag Acht na Breatnaise 1993; tá sé mar aidhm aige úsáid na Breatnaise a éascú agus a chothú. Léiríonn an láithreán seo na bealaí éagsúla ina chuirtear seo i bhfeidhm. Agus taispeánann sé duitse, más duine aonair, comhlacht nó eagras thú, conas feidhm a bhaint as an teanga chun seirbhís dhátheangach a chur ar fáil.
Nós coitianta é níos mó ná teanga amháin a labhairt-tá thar 60 faoin gcéad de dhaonra an domhain dhátheangach. Má tá fonn ort an Bhreatnais a labhairt, nó oideachas trí mheán na Breatnaise a thabhairt do do pháiste, nó má tá tú ag obair ar thionscadal scoile nó ollscoile ar an mBreatain Bheag agus an dátheangachas, tá eolas ar fáil ar an láithreán seo.
Tá an Bord den tuairim go bhféadann pobail a labhraíonn teangacha neamhfhorleathana nó mionteangacha foghlaim óna chéile, agus is mian léinn comhoibriú le gach duine atá ag iarraidh na teangacha seo a chur chun cinn. Más mian leat tuilleadh eolais a bheith agat faoin obair atá ar bun againn, cuir ríomhphost chuig
[email protected]
Brú anseo chun leanúint ar aghaidh as Béarla
Brú anseo chun leanúint ar aghaidh as Breatnais